Deir suirbhé de chuid An Roinn Pobail go bhfuil duine as ceathrar ó chúlra Protastúnach i dtuaisceart na hÉireann ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim.
Foilsíodh an Suirbhé um Iompar agus Dearcthaí na nDaoine Óga 2025 an tseachtain seo caite, mar chuid de thaighde reatha na roinne ar rannpháirtíocht na ndaoine óga maidir le cúrsaí cultúir, cúrsaí ealaíne agus cúrsaí oidhreachta.
Iarradh ar dhaoine óga idir 11 agus 16 bliain d’aois a gcuid tuairimí a chur in iúl ar réimse cheisteanna. Dúirt 30 faoin chéad go raibh fios acu ar an Ghaeilge.
Dúirt 16 faoin chéad gur féidir leo Gaeilge a thuiscint agus dúirt 20 faoin chéad go bhfuil labhairt na Gaeilge acu. Dúirt 71 faoin chéad de dhaoine óga ó chúlra Caitliceach go bhfuil siad ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim, agus dúirt 26 faoin chéad ó chúla Protastúnach an rud céanna.
Dúirt duine as ceathrar gur labhair siad Gaeilge go laethúil, agus dúirt 34 faoin chead gur labhair siad go seachtainiúil í. Dúirt 20 faoin chéad de dhaoine óga go bhfuil an cumas acu “comhráití casta” i nGaeilge a bheith acu.
Tagann an nuacht seo i ndiaidh cuid mhór scéalta dóchasacha don teanga le bliain anuas. Tuairiscíodh san Andersonstown News i mí Mheán Fómhair go raibh ardú 133 faoin chéad ar líon na ndaoine a bhí ag dul do chéim sa Ghaeilge in Ollscoil na Banríona, agus sheol Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly a togra Gaeilge don bhliain romhainn ar an tseachtain seo caite in Áras an Uachtaráin.
Dúirt an Dr Niall Comer ó Ollscoil Uladh go raibh dóchas air i ndiaidh dó na torthaí a fheiceáil. “Ábhar mór dóchais atá sna torthaí seo, agus tugann siad dúshlán na hinsinte sin gur le pobal nó traidisiún amháin í an Ghaeilge,” ar seisean.
“Is linne uile an teanga seo, beag beann ar chúlra, ar fhéiniúlacht nó ar dhearcadh polaitiúil. Aithníonn an mhuintir óg é seo, agus tá tógáil croí sa scéal gan amhras. Caithfidh muid gach iarracht a dhéanamh anois an spéis sin a chothú, deireadh a chur le bacainní ar an fhoghlaim, agus an teanga a chur chun cinn i ngach pobal.”
Béarla:
A Department of Communities survey has found that one-in-four young people from a Protestant background in the north of Ireland want to learn Irish.
The 2025 Young Persons' Behaviour and Attitudes Survey was published last week as part of the Department's ongoing research on engagement in culture, arts and heritage.
Young people aged between 11 and 16 were surveyed for their views on a wide range of issues. 30 per cent said they had knowledge of Irish, with 16 per cent saying they could understand Irish and 20 per cent saying they could speak it.
71 per cent of young people from a Catholic background said they wanted to learn Irish, with 26 per cent from a Protestant background saying the same.
One-in-four young people said they spoke Irish daily, with 34 per cent saying they spoke it weekly. 20 per cent of young people said they were able to have "complicated conversations" in Irish.
This news comes after ayear of positive stories for the Irish language.
The Andersonstown News reported in September that there had been a 133 per cent rise in the amount of students studying for a degree in Irish in Queen’s University, and President of Ireland Catherine Connolly launched her year-long Irish language project for the media in Áras an Uachtaráin last week.
Dr Niall Comer from the Ulster University said the survey findings were "hugely encouraging".
“These findings are hugely encouraging and challenge the traditional narrative that the Irish language is confined to one community or tradition," he said.
"The Irish language belongs to everyone, regardless of background, identity or political outlook. It is heartening to see young people recognising this, and every effort must now be made to nurture that interest, remove barriers to learning and promote the language across all communities."



