POST ÚR: An Dr Nina Cnockaert-Guillou, a thosaigh mar léachtóir i Roinn na Gaeilge ar Ollscoil na Banríona

GLAGAIREACHT: Is fearr go mall ná go brách!

IRISH ECHO readers and the diaspora will be delighted to learn that no matter where you are from or where you live, it’s never too late to learn Irish – indeed, you could even become a university lecturer on the back of it!


Dr Nina Cnockaert-Guillou has just taken up a new role in Queen’s University Belfast as a Lecturer in Irish in the Department of Arts, English and Languages.


Originally from Normandy, France, Dr Cnockaert-Guillou began learning Irish during her Erasmus year in University College Cork.
 
“There was a complete beginner’s class. I started an Old-Irish Class as well. I focused on that for a while and did a Masters in UCC as well.”
 
Following her masters, and the completion of her doctorate in Cambridge, Nina concentrated on learning modern Irish.

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Sign up today to get daily, up-to-date news and views from Irish America.


Her interest in the language stems from her early days of growing up in Normandy. Nina’s mother is from Brittany, an area with strong Celtic links.


“When I was young mum was always interested in Celtic stories and traditional music. I was raised listening to Planxty and The Bothy Band!”
 
Eighty-four students have registered to study Irish in first year at Queen’s University this year, the largest ever class and an increase of 133 per cent from last year. Nina will be responsible for a module on Irish mythology, as well as teaching a more general language module dealing with grammar and vocabulary.
 
“I’ll be teaching old Irish stories about gods, fairies and the other world,” she said.
 
“I was teaching my first class and thinking that everyone was here to understand and read sixth century stories, and that’s great.”
 
Dr Cnockaert-Guillou is clearly looking forward to her first year in her new role and to continuing on her journey with Irish just like thousands of others around the world.

“It’s an honour to be here and be appointed to this new role. I understand how important it is and I’ll do my very best.
 
“I still don’t believe it! I’m from France and I’m here teaching Irish now. One minute I was a learner, now I’m on the other side. That’s just unbelievable.”
 
Perhaps Irish Echo readers can be inspired by Nina’s story and keep an eye out for their closest ciorcal cómhra or bunrang Stateside!


GAEILGE:
 
BEIDH léitheoirí an Irish Echo agus diáspóra na hÉireann thar a bheith sásta gur cuma carb as duit nó cá bhfuil cónaí ort, ní bhíonn sé rómhall choíche leis an Ghaeilge a fhoghlaim. Leoga, thiocfadh leat post mar léachtóir ollscoile a fháil dá bharr! I
 
Tá an Dr Nina Cnockaert-Guillou i ndiaidh tús a chur le ról úr mar Léachtóir i Scoil na nEalaíon, an Bhéarla agus na dTeangacha in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
 
Is as Normainn na Fraince í an Dr Cnockaert-Guillou ó dhúchas, agus thosaigh sí ag foghlaim na Gaeilge le linn di a bheith ar Erasmus i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, in 2017
 
"Bhí rang do ghlantosaitheoirí ann. Thosnaigh mé ar rang ar an tSean-Ghaeilge chomh maith. Dhírigh mé ar an Sean-Ghaeilge ar feadh tamaill agus rinne mé máistreacht in UCC chomh maith."
 
I ndiaidh a máistreachta, agus i ndiaidh di dochtúireacht a dhéanamh in Ollscoil Cambridge, dhírigh Nina ar fhoghlaim na Nua-Ghaeilge.
 
Tagann a cuid suime sa teanga ó laethanta a hóige sa Normainn. Is as an Bhriotáin do mháthair Nina, ceantar a bhfuil nascanna laidre Ceilteacha aige. 
 
"Nuair a bhíos óg bhí bhí suim ag mo mháthair sna scéalta Ceilteacha agus sa cheol traidisiúnta. Tógadh mé le Planxty agus The Bothy Band!"
 
Chláraigh ceithre scór agus ceathrar mac léinn le staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge in Ollscoil na Banríona i mbliana, an rang is mó ariamh agus méadú 133 faoin chéad ar fhigiúr na bliana seo caite. Beidh Nina i gceannas ar mhodúl a phléfidh miotaseolaíocht na hÉireann, chomh maith le rang ginearálta a theagasc a dhíreoidh ar ghramadach agus stór focal. 
 
"Beidh mé ag teagasc scéalta ársa na hÉireann agus gach rud faoi na déithe, na síoga, an domhan eile," ar sise. 
 
"Bhí mé ag teagasc mo chéad ranga agus ag smaoineamh go raibh gach duine anseo chun scéalta an séú haois a thuiscint agus a léamh agus tá sé sin go hiontach.”
 
Is léir go bhfuil an Dr Cnockaert-Guillou ag dúil go mór lena céad bhliain sa ról úr, agus leis an chéad chéim eile ar a histear teanga.
 
“Is mór an onóir dom a bheith anseo agus ceaptha sa phost seo. Tuigim an tábhacht a bhaineann leis agus déanfaidh mé mo dhícheall a bheith chomh maith agus is féidir.
 
“Ní chreidim é go fóill! Is as an Fhrainc dom agus tá mé ag teagasc na Gaeilge anois. Bhraith mé go raibh mé i m'fhoghlaimeoir agus anois tá mé ar an taobh eile, agus tá sé sin dochreidte domsa."

Get access to everything from the Oldest Irish American Newspaper in the USA from just $3.99 a month

Sign up to Irish Echo

 



Donate