Lá Fhéile Pádraig 2012 Teachtaireacht ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn

Is mian liom beannachtaí Fhéile Pádraig na bliana seo a ghuí ar mhuintir na Éireann anseo agus thar lear agus ar ár muintir Éireannach sínte ar fud an domhain.

Is deis iontach é Lá Fhéile Pádraig don chlann Éireannach ar fud na cruinne, cibé áit a bhfuil cónaí orthu, ár n-óidhreacht agus ár gcultúr a aithint go bríomhar agus ceiliúradh ar dhéanamh ar ár ndílseacht don fhéiniúlacht Éireannach seo a bhfuilimid an-bhródúil as. Is ionann beatha Naoimh Pádraig agus beatha buanseasmhach in aghaidh cruatain - an fhlaithiúlacht ag fáil an lámh in uachtar ar chruálacht agus claochlú ar phobal i ngeall ar chumhacht an idéalachais spioradálta. Bá é aisling Naoimh Pádraig ná dóchas agus athnuachan a thabhairt do mhuinir na hÉireann agus ar an gcaoi chéanna tá Aisling dár gcuid féin againn inniu - aisling a bhaineann le domhan comhpháirteach atá níos fearr, níos cineálta agus níos cothroime.

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Sign up today to get daily, up-to-date news and views from Irish America.

Ní mór dúinn tosnú ón tús agus brí a bhaint as na seanfhocail chun an aisling seo a chomhlíonadh. Is pobal cruthaitheach, seiftiúil, éirimiúil agus cairdiúil muintir na hÉireann le tuiscint láidir macántachta agus ceartais. Cuireann ár láidreachtaí nádúrtha le clú agus cáil na tíre ar bhonn leanúnach lena n-áirítear ár spiorad pobail, ár ndlúthpháirtíocht sóisialta, ár gcultúr saibhir, ár saothar daonnúil agus síochánaíochta thar lear agus ár gcaidreamh cumhachtach leis an gclann Éireann ar fud na cruinne. Is pobal siúlach muintir na hÉireann agus táimid bródúil as a bhfuil bainte amach acu ina dtíortha uchtaithe nua agus táimid buíoch díobh as a gceangal leanúnach lena dtír dúchais nó tír thionscnaimh.

Ar an lá seo déanaimid smaoineamh ar na fir agus mná Éireannacha atá scartha óna dtír dúchais i ngeall ar eisimirce neamhdheonach le blianta beaga anuas. Cé go nguíonn muid gach saol sona sásta orthu ina dtíortha nua tá súil againn go dtiocfadh leo filleadh ar Éirinn arís nuair a thagann feabhas ar chúrsaí eacnamaíocha - chun teacht abhaile chuig a muintir agus a gcairde a airíonn uathu iad go mór.

Is é ár gcultúr comhpháirteach atá ag cróilár ár gceiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig nuair a thagann muid le chéile chun taitneamh a bhaint as an litríocht, ceol, damhsa agus an áilleacht Éireannach is fearr dá bhfuil ann. Meallann na gnéithe seo de léiriú ealaíonta an lucht féachana idirnáisiúnta, rud a chuireann go mór lenár mbród agus gliondar ar ár gcroíthe. Is cúis áthais eile é gur féidir le hóg agus aosta, gach pobail agus daoine de gach eitneacht páirt a ghlacadh sa cheiliúradh de réir mar bhí i gceist le spiorad cuimsitheach agus flaithiúlach Naomh Pádraig. Is tairisigh iad freisin ár ngra don bheatha agus ár dtuiscint ar an ngreann, agus is amhlaidh dár gcóras bunluachanna a mhaíonn mórtas áite, comhtháthú pobail, dlúthpháirtíocht idirghlúine agus dóchas agus soirbhíochas ó dhúchas.

Agus muid ag ceiliúradh ár ndúchais Éireannaigh, cuimhnímid freisin gur pobal mór fiontraíochta agus athléimneachta iad na hÉireannaigh. Agus muid ag tabhairt faoi thosca eacnamaíocha atá thar a bheith deacair, diúltaímid géilleadh do bhriseadh nó cinniúnachas. San am atá thart chinntigh an cur chuige gan stad gan staonadh seo gur thángamar slán agus is é sin atá taobh thiar dár gcruthaitheacht agus dár rún dul chun cinn. Beidh sé sin ina fhórsa beathúil arís in athghiniúint geilleagair inbhuanaithe, agus i sochaí níos cothroime agus níos sona a bhaint amach, in athnuachain na Poblachta agus le hÉire a thiontú i dtír ar féidir linn a bheith níos mórtasaí fós aisti.

This is the Irish language version of the St. Patrick's Day message from President Higgins.

 

Donate