OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Pádraig Feiritéar, Lia ós a Leacht

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

I mí Lúnasa na bliana seo caite chuir Breandán Feiritéar glaoch orm á rá go raibh sé chun turas a thabhairt ar Nua Eabhrac. Bhí sé ag obair ar scannán faisnéise ar shaol Phádraig Feiritéar (1856-1924). Dúirt sé go mbíodh "An Síogaí Infhiúchtach," mar ainm cleite ag Pádraig agus go mbíodh sé ag scríobh altanna don Gaodhal agus don Gaelic American. D’iarr sé orm roinnt cuardaithe a dhéanamh i Leabharlann na Cathrach. An lá céanna fuaireas bosca mór ó Angela Carter agus tuairim is caoga cóip den Gaodhal fé iamh. An tarna cóip a thógas as an bosca chonaiceas ar an gclúdach —"Sgeulta ó Iarthar Éireann, Uimh.1 ‘Méaras Ferritear’ — ag "An Síogaidhe Infhiúchtach." Tháinig Pádraig chugamsa. Muna raibh baint éigin ag "An Síogaí Infhiúchtach" le sin, ní Barra mo ainm.

"Sa bhliain 1923, tugadh Pádraig Feiritéar go Chicago le go bhfaighfeadh sé bas go sítheadh grách i measc a dhaoine muinteartha. Bhí saol callshaothach , uaigneach curtha isteach aige. Ba é a thoil uachta go seolfaí go Dúglás de hIde i gColáiste na hOllscoile Átha Cliath an bailliúchán de 38 lámhscríbhinn gur chaith sé ré a shaoil dá mbreacadh agus dá gcnuasach. Is iontu seo ata an léargas is grinne le fáil ar shaol Gaelach na Mumhan sa darna leath den 19ú aois. Mar sin féin, nior scríobhadh fós ainm an Fheiritéaraigh i n-ogham chraobh, ná níor tógadh a lia ós a leacht." Is leis na focail seo a chuireann Breandán tús leis an scannán. Tá ainm an Fheiritéaraigh scríofa i n-ogham chraobh faoi dheireadh.

Saolaíodh Pádraig Feiritéar ar 10 Marta 1856, ar an mBaile Uachtarach, i gCorca Dhuibhne. Muiris Feiritéar an ainm a bhí ar a athair agus dob í Neil Mhichíl Uí Mhainnín a mháthair. B’é Pádraig an ceathrú duine de ochtar cloinne. Bhí sé bacach óna óige ach ní heol dúinn cad a bhain dó. Bhi feirm daichead bó acu — bhíodar go maith as taobh le formhór na ndaoine ach bhíodar ar chumas toile an tiarna talún mar aon leo. Bhí móramh na ndaoine beo bocht. Bunaíodh Conradh na Talún in 1879 chun cabhrú le tineontaithe beaga na tíre. Bhí Pádraig Feiritéar páirteach sa ghluaiseacht ó thosach agus nuair a bunaíodh craobh den Chonradh i mBaile an Fheirtéaraigh ar 13 Meán Fomhair 1885, toghadh é mar rúnaí.

In olltoghchán 1885 thug Padraig ana chabhair do Edward Harrington fear Pharnell i gCorca Dhuibhne agus ceaptar gur mar gheall ar sin nách bhfuair sé post mar oifigeach fóirithinte cé gurbh é an duine ab oiriúnaí díobh san a chur isteach air. Lean sé leis an dtroid i gcoinne na dtiarnaí talún agus ag tarraingt droch aird air féin. Faoi 1887 bhí siopa oscailte aige sa Daingean agus bhí an United Irishman á dhíol aige ann. Ní raibh na Sasanaigh chun na maslaí agus na gníomhartha so a ligint in aisce leis.

Ag crinniú mór sa Daingean d’éirigh idir Pádraig agus póilín. Chuir an póilín ina leith gur mhaslaigh an Feiritéarach é, go raibh sé ag glaoch Stringer agus Harvey Duff air agus ag gríosadh na ndaoine ina choinne. Fuair sé dhá mhí príosúin i dTra Lí. "Ní raibh sa mhéid sin ach tosnú. Ó dheireadh na bliana 1886 go dtí mí Iúil 1888 nuair a scaoileadh amach as an bpríosún é don uair dheireannach, ní raibh mórán suaimhnis ón dlí aige. Is léir go raibh drochamharas ceart ag na hudaráis air." – "Pádraig Feiritéar (1856-1924): A shaol agus a shaothar," le Seán Ó Sé. Agus níor stop na húdaráis le Pádraig.

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Ar an 21 Iúil 1887 tháinig na báillí agus suas le céad póilín agus caitheadh Muiris Feiritéar agus a chúram as an sean áit agus fágadh ar thaobh an bhóthair iad. D’fhág obair an l’ sin a rian ar mheon Phádraig go lá a bháis. Thaispeáin muintir na háite an meas a bhí acu ar na Feiritéaraigh an lá san mar: "Bhailibh múintir an pharóiste is lasmuigh de pharóiste agus tógadh tigh fada fairsing dóibh in aon lá amháin ar fheorainn Bhaile ‘n Chalaidh," -S.O Dubhda.

D’fhan Pádraig dílis do Pharnell go deireadh. Nuair a fuair sé bás i 1891 chuaigh Pádraig go Baile Átha Cliath agus shiúl sé sa tsochraid go Glas Naíon. D’fhág an scoilt i measc lucht leanúna Pharnell agus a bhás, an ghluaiseacht ar mhíthreoir ach d’ainneoin sin bhí obair mhór déanta acu. Briseadh ar chumhacht na dtiarnaí dáiríre. Anois cé go ndearna Pádraig cion fir ar son na tíre i gcúrsaí polaitíochta is mar scoláire G’ilge is mó a mhairfidh a ainm. I 1896 ruaigeadh as Éirinn é. Ón lá san go lá a bháis i 1924 bhí Pádraig anso i Meiricea ag cleachtadh a cheirde.

Ní foláir nó bhí ainm an scoláire amuigh air óna óige mar nuair a tháinig Jeremiah Curtain go Ciarraí i 1887 ag bailiú béaloidis is chun Pádraig a chuaigh sé ag lorg cabhrach. Is léir go raibh ard-mheas aige air. Níl fhios againn cathain a thosnaigh sé ag bailiú is ag breacadh síos béaloidis nó ag cóipeáil lámhscribhinní don chéad uair ach lean sé de go dtí gur thit an peann óna láimh. Chonaiceas, le déanaí, na focail dheireannacha a scríobh sé, rud a d’fhág cnapán im scórnaigh. De chinniúint d’aimsigh Breandán iad i siléar i Chicago mar a rabhadar ag feitheamh lena theacht. Beidh saol agus saothar Phádraig i Meiricea agam dhaoibh amach anseo. Ádh mór.

PS: Aon duine a bhfuil suim acu i dtírdreach agus logainmneacha na hÉireann ní mór dó an leabhar iontach nua ó Éamon Lankford a fháil – "Cape Clear Island: Its people and landscape." Tá stair agus seanchas, eolaíocht agus logainmneacha sa leabhar agus tá an leagan amach go haluinn. Chun cóip a fháil cuir glaoch ar Richie Ó Shea ag 516-328-8975.

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese