OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Méar Eolais

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Chuaigh an banbh seo ar an margadh;

D’fhan an banbh seo sa bhaile;

Fuair an banbh seo arán is im;

Ní bhfuair an banbh seo dada;

‘Bhuíc, bhuíc, bhuíc, bhuíc,’ arsa an banbh seo,

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

‘Cá bhfuil mo chuidse?’

Chun leanbh a bhréagadh a deirtí an rann so fadó. Is ionann na bainbh agus méara na coise. Déarfadh duine an rann agus greim coise aige ar an leanbh, ag dul ó mhéar go méar ag tosnú leis an ordóg. Nuair a shroisfeadh sé an lúidín bhainfeadh sé croitheadh as a chuirfeadh an leanbh sna tríthí gáire. Aistriúchán ar "This little piggy" an Bhéarla atá ann dáiríre. Ach bhíodh cluichí den tsort so coitianta i ngach teanga suas go dtí céad bliain ó shoin. Ceann des na slite a thriailtí meabhair cinn an linbh ba ea iarraidh air na méireanna a ainmniú. Dob amhlaidh a mhúineadh an mháthair dó iad le breith orthu ina gceann agus ina gceann. Téann cuid desna hainmneacha nó na leasainmneacha seo i bhfad siar. Dhealródh sé gurbh iad na Rómánaigh a chuir "méar an fháinne" (digitus annularis) ar an méar airithe sin mar gheall ar gur creideadh go raibh néaróg ag dul díreach ón méar san go dtí an croí agus gur sa chroí a neadaigh an grá.

Thángas ar alt le Seán Ó Súilleabháin le déanaí. ‘Ainmneacha Méaranna na Láimhe,’ a bhí air. Cé go raibh neart focal ar na méaranna sa Gh’ilge riamh anall, deir sé, níor bhac éinne le iad a scríobh síos go dtí go ndeachaidh lucht béaloideasa á gcnuasach. Go dtí sin d’aithris bhéil ó ghlúin go céile a buanaíodh na hainmneacha, an leanbh á bhfoghlaim óna mháthair. I 1942 cuireadh ceistiúchán amach go dtí breis is ceithre céad duine ar fuaid na hÉireann leis an dá cheist seo: Cad é an gnáth-ainm a tugtar (tugtí) ar gach méir sa cheantar (e.g. órdóg, púntóg 7rl)? Cad é an leasainm nó a leithéid a thugadh leanaí nó lucht cluichí d’imirt ar gach méir (‘méar í meaindí’ ‘Peigí Liúidí’ 7rl)?

"Do fuarthas freagra ón gcuid is mó desna daoine agus is léir nach raibh muintir na hÉireann balbh ach oiread leis na daoine i dtíortha eile ins na méaranna a bhaisteadh sa ghnáth-shlí ná i leasainmneacha a thabhairt orthu, ach chomh beag. Is éachtachan raidhse ainmneacha atá ar na méaranna i bparóistí airithe sa Gh’ltacht. Mar sholaoid ar sin ní miste paróiste Dhún Chaoin i gCiarraí a lua mar ar sholáthair beirt deartháir 14 ainm don chéad mhéar, 4 ainm don dara ceann agus 10 n-ainm don triú ceann."

Táim anois chun cuid desna hainmneacha a bhailíodar i 1942 a thabhairt dhaoibh ach tosóidh mé leis na hainmneacha mar a d’foghlaimíos féin ar scoil iad: An órdóg, an mhéar thosaigh, an mhéar fhada, méar an fháinne agus an lúidín. Cúpla fíric eile. Tá an focal ‘méar’ baininscneach de réir an chaighdeáin anois ach cloisfidh tú ‘an méar fada’ agus rudaí den tsort san go minic. Ní botún é sin in aon chor mar bhíodh ‘méar’ firinnscneach sa tSean-Gh’ilge. Na méir deir siad ó thuaidh ag tagairt do chúig an mháimh sa chluiche cúig fichead. Ag tagairt don mhéar thosaigh deir Seán go mbíodh pisreog acu i gConnachta a choisc an mhéar so a dhíriú ar dhuine toisc gur léi a thaispeáin Iúdas Íosa dos na Giúdaigh. Thugtaí ‘an mhéar bháis’ ar an méar chéanna in áiteanna i gCiarraí; ní fheadar a raibh aon bhaint ag an dá rud le céile?

Tosaímis leis an órdóg. Ní raibh an chéad o- fada sa tSean-Gh’ilge agus d’fhéadfadh go bhfuil an focal gaolmhar le ‘ord’ = casúr. I dTír Chonaill bhíodh an t-órd mór nó an mhéar mhór acu ar an méir seo. I gCond’ na Gaillimhe bhíodh órdóg, pontóg agus púntóg acu. Bhíodh dóid, árdóg, púntán agus tomóigín acu in áiteanna eile.

Seo cuid desna hainmneacha a bhíodh ag G’ilgeoirí ar an gcéad mhéar: Colgach, colcóg, colba, colomán, toiseog, sínteog, an mhéar thosaigh, an chéad mhéar, an mhéar chorr, an táinise, tárpóg, spádóir, méar na leitean agus an teampán.

Ar an mhéar láir ghlaoidís freisin: An mhéar fhada, an mheán-mhéar, an fear mór, an mhéar bhán, an dealbhán, an fheadóg 7rl.

Ar mhéar an fháinne ghlaoidís: An tsisile, mac an abair, fáinneog, mac an daba, mac a tasa, an crúca, an madaralla, Símidín beag ina luí sa log ag bun na gclog, iníon an Cheannaí Dhuinn 7rl.

Ar an lúidín ghlaoidís: An mhéar bheag, an laidhricín, an ghearróg, buachaill beag na gcaorach, Toimidín beag is a thóin sa log ag crathadh na gclog go binn binn, liúidí, 7rl

Nil ansin ach cuid den ábhar a bhailigh lucht an bhéaloideasa i 1942, bail ó Dhia orthu. Críochnód le ceithre liosta méar ón leabhar Cniogaide Cnagaide le Nicholas Williams. A. Méar mhór, Méar na leitean, Mary Meaindí, Peigí Liúidí is Liúidí beag. B. An ordóg, an cholgóg, an mhéar fhionn fhada, mac an abair, an papaidín beag. C. An ordóg, an puntán, an dealbhán, an tsisile, an lúidín. D. Ordóg, Méaróg, Meánóg, Fáinneog, agus Lúideog.

Agus ag seo roinnt abairtí a bhaineann leis na méara. Nuair a chuireann tú rud ar an méar fhada cuireann tú ar gcúl gan téarma é. Is ionann an sean ráiteas ‘Cuir an donas ar an méar fhada’ agus ‘ná bí ag smaoineamh ar an droch rud go mbuaileann sé leat.’ Má bhíonn duine ‘casta ar do mhéar agat’ bíonn sé tugtha faoi do thoil agus déanfaidh sé pé ní is toil leat. Is ionann ‘níor bhain sé méar dá shrón’ gur shrois sé Corcaigh’ agus a rá nár stop sé gur bhain sé an chathair amach. ‘Cuir méar i do bhéal’ anois deir siad le duine nár thapaigh an deis, nár rug ar a leas nuair a bhí an chaoi aige chuige. Bhíodh sé de nós, agus is dóca tá fós, ag feirmeoir a mhéar a thabhairt do lao, í a chur ina bhéal, chun é a mhealladh chun bia. Uaidh sin a thagann abairtí mar ‘d’ólfainn gan mhéar é,’ agus ‘ná lig dó an mhéar a thabhairt duit.’ Ná lig dó tú a mhealladh ná a bhréagadh is brí leis an ceann deireanach sin, cuma cad a cheap tú.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese