OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Irish Column: Nessí agus Cama

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin.Ní fheadar an dtuigeann Bord Fáilte na hAlban, má tá a leithéid ann, an gar a rinne Colm Cille dóibh breis is 1400 bliain ó shoin. Chaith sé comaoin mhór leo. Ba dhual dona Conallaigh bheith garach riamh agus níor thaise do Cholm Cille é. Cad a rinne sé deir tú? Chuir sé smacht ar Ollphéist Loch Ness. Níor mhairigh sé í nuair a bhí caoi aige chuige. De bharr dhaonnacht Cholm Cille maireann an Ollphéist féin nó a macasamhail fós agus chítear ó am go chéile í ag snámh sa loch. Gach bliain téann na mílte mílte turasóir go hAlbain le súil go bhfeicfidh siad í. Nessí an t-ainm ceana atá uirthi na l’thannta seo. Caitheann na turasóirí airgead. Ólann siad na mílte galún uisce beatha. De réir an bhéaloideasa cabhraíonn an braon beag le Nessí a fheiscint. Ceimiceán de short éigin a bhíonn sa deoch deir saineolaithe. Ní foláir nó tá an ceart acu mar is iad na daoine a mbíonn cúpla dram faoina bhfiacail acu is mó a chíonn Nessí. Anois, nárbh fhadbhreathnaitheach an duine é ár Naomh Colm Cille? Céad bliain taréis bháis Cholm Cille i 597 ‘sea chuir Adhamhnán scéal Ollphéist Loch Ness ar pár ina ‘Vita Columb’,’ den chéad uair. Mar seo atá an scéal aige: Lá amháin sa bhliain 565 stad Colm Cille agus a lucht leanúna ar bhruach na abhann ris a ráitear Ness. Tamall uathu chonaiceadar slua mór agus dream díobh le sluaiste. Dob amhlaidh a bhíodar ag déanamh uaighe do dhuine a maraíodh sa loch. Bhí an fear bocht ag snámh ann nuair a rug ollphéist ábhalmhór air agus fágadh gortaithe chomh dona san é go bhfuair sé bás dá dheasca.Ghlaoigh Colm anall ar dhuine dá lucht leanúna, fear darbh ainm Lugne Moccu Min, agus d’iarr air snámh go dtí an taobh eile agus bád a bhreith ar ais trasna an locha. Ní foláir nó bhí an-mhuinín ag Lugne as an Naomh mar léim sé isteach san uisce móinteach agus as go bráth leis i dtreo an bháid. Díreach agus é i lár an locha d’airigh an ollphéist sa láthair é agus lig sí scread aisti a chuir na crainn máguaird ag luasgadh agus thug sí fogha fíochmhar faoi agus a béal ar leathadh lena alpadh siar.Cheap a raibh i láthair go raibh deireadh le Lugne ach rinne Colm comhartha na croise ós cionn an uisce agus d’orduigh don ollphéist cualú. Ansan chuir sé an t-ainmhí faoi gheasa gan aon duine a ghortú as san amach. D’imigh Nessí faoi scéimhle ar ais faoin uisce. Rinne sí rud ar Cholm Cille, mar go bhfios dom, níor bhlas sí de Albanach ó shin i leith. Cén fáth nár mhairigh Colm Nessí? Cad ‘na thaobh nár dhíbir sé go poll gan tóin í. Bhí an chumhacht aige chuige cinnte. Níl fhios againn, ach is minic mé ag smaoineamh ar conas a bheadh an scéal dá mba é Pádraig Naofa a bhí ann in ionad Cholm Cille an lá cinniúnach san. Níorbh aon dóichín é Pádraig má thuigeann tú leat mé. Smaoinigh ar an gcleas a d’imir sé ar na naithreacha bochta. Is é mo thuairim féin go mbeadh na hAlbannaigh gan Nessí ná a samhail dá gcasfaí Pádraig uirthi an lá úd. Bhí an t-ádh leo nárbh ó thuaidh a thug sé a aghaidh nuair a tháinig fonn taistil air. Mar chrothú ar sin, éist leis an scéal a fuair an Seabhac ó shean fhear i gCoill Mhic Thomáis i 1908.’Nuair a tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn bhí an sceon de phéisteanna móra ar fuaid na tíre. Bhí ollphéist mhór díobh seo sa Chumarach agus bhíodh sí ag slogadh caorach agus seafaidí agus na ndaoine féin dá dtiocfadh sí orthu. Bhí na daoine ar crith roimpi. Scannradh ab ea í. Tháinig an Naomh an treo. D’iarradar cabhair air i gcoinne na hollphéiste. Dé Luain arna máireach tháinig Naomh Pádraig agus deineadh gearradh mór fada sa talamh agus ansan chuir an duine beannaithe d’fhiachaibh ar an bpéist dul síos sa ghearradh agus dúirt léi fanacht ann go Luan. Chuaigh go humhal. Nuair a tháinig an Luan arís bhí sí á humlasc féin agus ag búirigh d’iarraidh teacht aníos as an ngearradh. Ach dúirt Naomh Pádraig nach raibh aon teacht aníos aici mar nárbh é Dé Luain a dúirt sé ach Lá an Luain nó Lá Breithe Dé. Dhein sé loch timpeall uirthi ansan agus tá sí ann fós. An Camaloch an t-ainm atá ar an loch mar b’in é ainm na péiste.’Ar chuala éinne agaibh riamh trácht ar Cama? Níor chuala. Ach chuala chuile dhuine agaibh trácht ar Nessí. Tá eolas acu ar Nessí i lár na hAifrice. Ní gar ach dochar a rinne Pádraig do gheilleagar na hÉireann nuair a chuir sé Cama faoi ghlas go lá Philip a’ Chleite. Agus rud níos measa fós, lean go leor leor naomh eile sampla Phádraig. Bhí Mícheál De Mórdha á rá liom gur bhuail Naomh Cúán bob den tsaghas céadna ar phéist darbh ainm Coráilí a mhair sa loch atá ar an mbóthar idir an Daingean agus Paróiste Múrach ag Mám an Lochaidh. Loch Choráilí a thugtar ar an loch san go dtí an lá atá inniu ann. Bhí an dúthaigh go léir scanraithe aici agus fágádh leanbh gan baisteadh thiar mar gheall uirthi mar bhí eagla orthu dul thart fán loch. D’iarr athair an linbh cabhair ar Chúán agus chuaidh sé chun cainte leis an bpéist. D’iarr Cúán cead ar Choráilí corcán mór a bhí aige a chur ar a ceann go Luan. Ní gá dhom a thuilleadh a rá. Is leor nod don eolach. Bhíodh na hollphéisteanna an-shoineanta. De dheasca obair Phádraig agus díograis na naomh a lean é is ar éigin má tá loch in Éirinn gan ollphéist greamaithe ann. Tá Éire lán de ollphéisteanna díomhaoine. Is mór an trua é. Dá mbeadh cead ag Cama agus Coráilí agus a gcáirde iad féin a thaispáint anois is arís ní bheadh aon teora leis na turasóirí. Agus dá n-alpfaidís siar fámaire ó am go chéile cén dochar? Smaoinigh ar an airgead. Seans go mbeadh na páipéir ag tabhairt an Ollphéist Cheilteach ar Éirinn. Ar ndóigh is mó go mór a oireann an ‘ráid do ollphéisteanna ná do thíogair. PS. Beidh Lá Mór G’ilge sa "Tara Circle, Alder Manor, North Broadway, Yonkers NY, ar an 24 Márta, ag tosú 9.30 AM. Cuir ar do fhéilire é. Beidh tuilleadh eolais agam faoi an tseachtain seo chugainn.PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese