OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Irish Column: HMS Margaretta agus na Brianaigh.

February 16, 2011

By Staff Reporter

By Barra Ó Donnabháin

Dá gcuirfeá an cheist ar aon dalta scoile-cathain a scaoileadh an chéad urchar i gCogadh na Saoirse sa tír seo — ana sheans go ndéarfadh sé "ar an 19ú Aibreán 1775 ag Lexington MA. Déarfadh sé go dtáinig Paul Revere faoi lán luais ar a chapall oíche an " eighteenth of April 75′ ó chathair Boston amach ag fógairt teacht na gCótaí Dearga don phobal. Agus de bharr an rabhaidh sin go raibh an mílíste áitiúil réidh an lá dár gcionn. Scaoileadar faoi na Sasanaigh agus chualathas an t-urchar san ar fuaid an domhain. Ach bheadh dul amú air.

Ceithre mhí roimis sin i New Hampshire, sea, scaoileadh an chéad urchar sa chogadh. I mí na Nollag 1774, bhí an t-easaontas idir na Coilínigh agus na Sasanaigh ag dul in olcas in aghaidh an l’. Bhí géar-ghá ag na coilínigh le púdar. Bhí Daingean William and Mary lámh leo agus carn mór púdar agus arm, faoi ghlas ann. Agus ní raibh ach seisear saighdiuirí sa daingean. Ar an 15 Mí na Nollag 1774, faoi cheannas John Sullivan ghabh tuairim is 400 coilíneach an daingean. Scaoileadh futhu ach d’éirigh leo na saighdiuirí a dhíarmáil gan dua. Cé nár maraíodh éinne san ionsaí scaoileadh an chéad urchar i gCogadh na Saoirse an oíche úd. Dob as Éirinn tuismitheoirí John Sullivan agus ba dhlíodóir mór le rá é féin. Rinneadh ginearál de ina dhiaidh sin. Bhí lámh ag na hÉireannaigh sa chéad chath ar muir i gCogadh na Saoirse freisin. Seo mar a thárla.

Bhí gá ag na Sasanaigh le hadhmad chun beairicí a thógaint i mBoston. Chuir an tAimiréal Samuel Graves dhá bhád thráchta, Unity agus Polly, agus bád coghaidh HMS Margaretta á dtionlacan, ó thuaidh go Cuan Machias chun lastas adhmaid a bhreith ar ais. Chuireadar ancaire i gCuan Machias ar 9 Meitheamh 1775. Duine dárbh ainm Moore a bhí ina chapt’n ar an Margaretta. Níor chuir éinne fáilte rompu.

Cúpla seachtain roimis sin thóg muintir Machias Cuaille Saoirse sa chearnóg ag céiliuradh an troda a fearadh ag Lexicon agus Concord. Nuair a chonaic Capt’n Moore an Cuaille tháinig colg air agus dúirt sé go ndógfadh sé an baile timpeall orthu muna dtógfaidís anuas é. Thug se cairde cúpla lá dóibh lena leagadh. Nuair a chuala muintir Machias faoin mbagairt seo d’éirigh rabhartha feirge orthu chun na Sasanach. Chuadar i gcomhairle le chéile agus shocruíodar ar iarracht a dhéanamh ar an Margaretta a ghabháil. B’iad Maurice Ó Briain, Corcaíoch, agus a sheisear mac, Jeremiah, Gideon, John, William, Dennis agus Joseph, a bhí chun tosaigh sa bhfiontar so.

Faoi cheannas Jeremiah Ó Briain agus i ngan fhios dona Sasanaigh ghabh buíon fear an Union. Chuaigh timpeall dhá scór fear ar bord go fáilí. Shleamhnaigh Joseph Ó Briain ar bord. Ní raibh sé ach sé bliana dhéag agus bhí a athair taréis a rá leis fanúint sa bhaile agus aire a thabhairt dá mháthair. Taobh amuigh de cúpla musc’d ní raibh i bhfoirm arm ag na fir ach pící féir, tuanna agus bataí. É sin agus dóchas ard. Bhí rud eile ar a thaobh — eolas doimhin ar an bhfarraige agus ar sheoltóireacht.

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Scaoileadar an bád agus ligeadar le sruth í. Máirnéalach críochnaithe ba ea Jeremiah agus thuigh sé na sruthanna sa chuan. Chonaic foraire an Margaritta an Union ag teacht ina threo ach níor thug sé aon cheann di go dtí go raibh sé ró dhéanach. D’éirigh le Jeremiah ceann cinn (bowsprit) an Union a chur in achrann i seol mór an Margaritta. Dhreap na Meiriceánaigh ar bord. Mharaíodar Moore agus naonúr eile desna Sasanaigh. Maraíodh seisear Meiriceánach. Rinne Joseph Ó Briain cion fir sa troid agus tugadh claíomh Moore dó de bharr a chrógachta.

Bhí Graves agus na Sasanaigh ar na craobhacha nuair fuaireadar scéala na troda. Chuir Graves dhá bhád eile, an Diligence agus an Tapnaguish, ó thuaidh chun smacht a chur ar na Meiriceánaigh shotalacha. Ghabh na réabhlóidithe an dá bhád sin freisin. Go gairid ina dhiaidh sin rinneadh Capt’n de Jeremiah agus cuireadh i gceannas ar an Diligence é, sea an bád a ghabh sé féin.

Naoi mí taréis ghabhála an Margaritta, chuir Comadóir John Barry, Loch Garmanach, chun farraige sa Lexington. B’í an Lexington an chéad bhád cogaidh, coimisiúnta go hoifigiúil, i gCabhlach Mheiricea. Tugtar Athair an Chabhlaigh Mheiriceánaigh ar John Barry. Ar feadh Chogadh na Saoirse throid an Capt’n Jeremiah Ó Briain go cróga faoina cheannas. Ní dhearna an Cabhlach dearmad den Bhrianach ámh. Cuireadh an ainm USS Ó Brien ar chúig bhád dá gcuid ó shoin i leith.

Sea, throid na hÉireannaigh agus a sliocht ar son na saoirse sa tír seo ó thosach. Fuair na mílte acu bás ar a son. Pictiúr a thagann chugam i gcónaí nuair a smaoiním ar na saighdiuirí Éireannacha san —- an tAthair William Colby ina sheasamh ar charraigh ag beannú na Briogaide Éireannaí riomh Chath Gettisburg ar an 2 Iúl 1863. Fuair na céadta acu bás ar an lá san sa "Cornfield" agus an lá dar gcionn ag an "Angle" mar ar stopadar Ionsaí Pickett. Bhain Pickett cáil shíoraí amach dó fhéin ar an lá san ach go dtí le déanaí ní bhfuair An Bhriogáid mórán aitheantais. Ag troid ar thaobh an deiscirt an lá úd bhí slua Éireannach freisin, mac le John Mitchell ina measc. Ar an 4ú Iúl seo smaoinímis orthu go léir agus ar a n-íobairtí.

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese