OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Irish Column: An tSiúr Mary Xavier Mehegan 1825-1915.

February 16, 2011

By Staff Reporter

By Barra Ó Donnabháin

Ar an 30 Lúnasa 1998, bhailigh breis is céad duine i Sean Reilig na Mainistreach cúpla míle laistiar den Sciobairín in Iarthar Chorcaí, chun onóir a thabhairt do bhean ón gceantar a fuair bás i Meiricea i 1915. Bean ab ea í a thíolaic a beatha do Dhia agus a chaith a saol fada ag obair go dúthrachtach in iothlainn an Tiarna. Bhí maithe agus mór uaisle mar aon le gaolta na mná beannaithe bailithe sa reilig ar an lá breá samhraidh úd chun leacht cuimhneacháin a nochtadh dí.

Lámh leis an áit a bhfuil an leacht cuimhneacháin tá uaigh ollmhór. Is inti atá cnámha na gcéadta a fuair bás aimsir an Ghorta Mhóir. Bheadh aithne ag Mary Xavier ar chuid acu. Seans go mbeadh sí féin ina dteannta dá bhfanfadh sí in Éirinn. Ach níor fhan. In 1842, roinnt blianta sul a dtáinig an dubh agus an bás aniar aduaidh ar mhuintir an Sciobairín thug Mary Xavier a hagaidh ar an nDomhan Nua. Is amhlaidh a bhí gá ag Dia léi thall ansan.

Saolaíodh Mary Xavier (Catherine Josephine Mehegan) ar an 19, Feabhra, 1825. B’iad Pádraig agus Joanna a tuismitheoirí agus bhí naonúr eile sa chlann. Níl mórán eolais againn faoina hóige ach go raibh ana chion aici ar a hathair agus go bhfuair sé bás cúpla bliain roimh theacht go Meiricea dí. Níl fhios againn ach oiread cad a thug ina ceann imeacht. Ní raibh an imirce coitianta fós cé go raibh an saol go hainnis acu na blianta san. Ar aon nós bheartaigh sí ina haigne imeacht. Fara sin, mheall sí a deirfiúr, Maighréad, chun dul léi. Fuaireadar an t-airgead pasáiste ó dheartháir de réir an scéil. Aisteach le rá d’imíodar i ngan fhios dá máthair. Ni dúradar faic léi.

Níor mhínigh sí riamh cén fáth ar fhág sí Éire ach is léir nách raibh sé ar aigne aici bheith ina bean rialta i dtosach. Ba chuimhin le deartháir léi go ndúirt sí lá gur mhaith léi bheith ina misinéir agus obair éachtach a dhéanamh ar son Dé. Tháinig an tuar san fán tarngaireacht.

Ar aon nós is eol dúinn gur chuir an tAthair William Starrs fáilte rompa i Nua Eabhrac. Dhealródh sé go raibh coinne aige leo. Ana sheans mar sin gurbh é an sagart paróiste in Éirinn a chuir eolas chuige fúthu. Fuair sé áit chónaithe dóibh agus post mar mhaintíní. Ní rabhadar i bhfad ag obair nuair a tháinig deartháir, Tadhg, ar cuairt chucu. Chuir an mháthair bhocht anonn é chun an bheirt a bhreith ar ais. In áit iad a bhreith ar ais, d’fhan sé féin, phós sé, agus d’aistrigh go Chicago. Ansan phós Maighréad agus d’imigh an lánúin go dtí an Austráil. Bhí Mary Xavier ina haonar.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Bhunaigh Naomh Elizabeth Ann Seton, Siúracha na Trócaire in Emmitsburg, Maryland, in 1809. Leath an t-ord ar fud na tíre. In 1846 scar Siúracha na Trócaire Nua Eabhrac ón máthair-theach agus cruthaíodh sámhadh (cuallacht) nua faoi choimirce an easpaig John Hughes. B’í Mary Xavier an chéad nuasachán a tháinig chucu i dtosach na bliana 1847. Díreach taréis a gairme bhí lámh aici in oscailt Ospidéil St. Vincent i Nua Eabhrac. Go gairid ina dhiaidh sin cuireadh go Jersey City í, mar a raibh dílleachtlann ag an ord.

In 1858 d’iarr an t-easpag Bayley, Newark, ar bhan-ab na Siúracha i NY cúpla bean rialta a chur chuige chun máthair-theach nua a thusnú sa deoise. Fuair sé beirt, Mary Xavier agus Mary Catherine Nevin. Cheannaigh an t-easpag teach dóibh i Newark. Toghadh Mary Xavier ina céad bhan-ab ar an dteach. Is mar sin a thosnaigh "The Sisters of Charity of St. Elisabeth of New Jersey."

Taobh istigh de bhliain d’oscalaíodar an chéad ospidéal Caitliceach i NJ, i Newark. D’oscalaíodh scoil, agus dílleachtlann ann freisin. Sar i bhfad bhí an teach ina rabhadar ró bheag dóibh. Ceannaíodar píosa brea talún — 43 acra – , i Madison, ó Choláiste Seton Hall. Tugadh St. Elizabeth’s mar ainm ar an máthair-theach nua so. Ach lean an chuallacht ag fás agus b’éigin dóibh aistriú arís in 1880. Fuaireadar áit nua i "Convent Garden," gar do Morristown. Is ann atá siad ó shoin.

In 1899 bhunaigh Mary Xavier coláiste do mhná i NJ, an chéad cheann sa stát san. Chuaigh an chuallacht ó neart go neart le linn a saoil. Faoi 1907 bhí 1073 siúracha faoina cúram, i ndeoisí Newark, Trenton, Hartford agus in ard-deoisí NY agus Boston. Ag seo liosta gearr dena rudaí a bhí idir lámhaibh ag na siúracha i 1907 — coláiste amháin, sé acadamh, scoil tiargála do bhuachaillí óga, 67 scoil pharóisteach le 40,000 scoláire, cúig dílleachtlann, cúig ospidéal, ospidéal le haghaidh daoine doleigheasta, ceann eile fá choinne daoine aosta, agus dhá naíolann. Is dochreidte an méid oibre a rinne sí lena linn.

Chuir sé náire agus ceann fé orm féin nár chualas trácht riamh ar an mbean uasal bheannaithe seo go dtí gur luaigh an tSiúr Deborah Humphreys SC liom í tá cúpla mí ó shoin. Gheall sí dhom go gcuirfeadh sí na fíricí chugam agus chomh maith do chuir. Scríobh an tSiúr Blanche Marie McEniry SC, leabhar ar shaol Mary Xavier – "Woman of Decision" agus is ón leabhar sin cuid mhór den eolas thús. Tiomnaím an píosa seo do Deborah, Blanche agus do Shiúracha na Trócaire. Ó bunaíodh an t-ord in 1809 is éachtach an obair atá déanta acu. Tá muintir Mheiricea go mór faoi chomaoin acu.

Sna cáipéisí a chuir an tSiúr Deborah chugam bhí an giota seo scrite ag an Siúr Blanche: "Tamall ó shoin chuaigh an tSiúr Jane Cavanaugh go hÉirinn agus thug sí cuairt ar an Sciobairín. D’fhag sí cóip den leabhar "Woman of Decision" sa leabharlann ann. Is mar sin taréis breis agus céad bliain, a chuaigh Catherine Josephine Mehegan ar ais go dtí a háit dúchais. Níor bhraith mórán a himeacht. Ní dóigh liom go mbraithfidh mórán a teacht. Ach sin é an saol."

Sin é an saol ceart go leor. Ach is fearrde go mór an saol é, Mary Xavier agus Siúracha na Trócaire a bheith ann.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese